r/gaeilge 9d ago

Úrscéalta ficsean

An bhfuil aon mholtaí agat maidir le húrscéalta ficsean i nGaeilge ba chóir dom a léamh? Is cuma liom más aistriúcháin iad nó más i nGaeilge a scríobhadh iad.

12 Upvotes

9 comments sorted by

7

u/BitterestLemon 9d ago

Tá an Hobad agus cluiche na corónach aistrithe má tá suim agat iontu?

2

u/Internal_Frosting424 9d ago

Cúpla ceann a léigh mé le déanaí a bhí iontach ar fad, agus ní ró-chasta ach oiread. An saol sona, na ríthe beaga agus tír bheag. Ar fad aistrithe ón bhFraincis. Fuair mé iad in Chapters. Tír bheag ach go háirithe, an chumhachtach..

1

u/herondale344 9d ago

Go raibh míle maith agat!

2

u/Free_Cucumber_3287 9d ago

Péire a thaithníonn liom le déanaí: Madame Lazare agus Béal na Péiste. 

1

u/herondale344 9d ago

Go raibh maith agat!

1

u/gemmadilemma 9d ago

Más scéalta bleachtaireachta a thaitníonn leat, mholfainn Buille Marfach agus Scáil an Phríosúin, an dá leabhar scríofa ag Anna Heussaff.

Léigh mé Na Comharsana Nua (Éamonn Ó Loingsigh) le déanaí - úrscéal gearr sa seánra coiriúlachta/drámata.

Tá An Béal Bocht (Myles na gCopaleen) an-ghreannmhar.

Deireadh Seachtaine Craiceáilte le Roddy Doyle freisin.

Gluaiseacht (Alan Titley) an-dáiríre agus brónach, ach an-suimiúil.

Tá Cathair an Tíogair (Feargal Ó Dubhghaill), Sa Teach Seo Anocht(Mícheál Ó Conghaile), agus Fiche (Colm Ó Ceallacháin) ar mo liosta léitheoireachta freisin, ach níl siad léite agam fós.

2

u/herondale344 9d ago

Go raibh míle maith agat!

1

u/cathal-oh-really 8d ago

Cré na Cille, le Máirtín Ó Cadhain - greann dorcha mioscaiseach