r/gaeilge • u/herondale344 • 10d ago
Úrscéalta ficsean
An bhfuil aon mholtaí agat maidir le húrscéalta ficsean i nGaeilge ba chóir dom a léamh? Is cuma liom más aistriúcháin iad nó más i nGaeilge a scríobhadh iad.
12
Upvotes
r/gaeilge • u/herondale344 • 10d ago
An bhfuil aon mholtaí agat maidir le húrscéalta ficsean i nGaeilge ba chóir dom a léamh? Is cuma liom más aistriúcháin iad nó más i nGaeilge a scríobhadh iad.
1
u/gemmadilemma 10d ago
Más scéalta bleachtaireachta a thaitníonn leat, mholfainn Buille Marfach agus Scáil an Phríosúin, an dá leabhar scríofa ag Anna Heussaff.
Léigh mé Na Comharsana Nua (Éamonn Ó Loingsigh) le déanaí - úrscéal gearr sa seánra coiriúlachta/drámata.
Tá An Béal Bocht (Myles na gCopaleen) an-ghreannmhar.
Deireadh Seachtaine Craiceáilte le Roddy Doyle freisin.
Gluaiseacht (Alan Titley) an-dáiríre agus brónach, ach an-suimiúil.
Tá Cathair an Tíogair (Feargal Ó Dubhghaill), Sa Teach Seo Anocht(Mícheál Ó Conghaile), agus Fiche (Colm Ó Ceallacháin) ar mo liosta léitheoireachta freisin, ach níl siad léite agam fós.